Seomra 13 - Seachtain na Gaeilge ☘️🇮🇪💚
18th Mar 2026
Bhí an spórt agus spraoi againn ag ceiliúradh Seachtain na Gaeilge i seomra 13! 🇮🇪🍀
Ghlac muid páirt i réimse gníomhaíochtaí éagsúla i rith na seachtaine.
Rinne muid an Haka Gaelach agus an Dreoilín sa chlós leis an scoil ar fad. 🎵
Bhí céilí againn sa halla le Ms Halpin. Bhí craic iontach againn. 👯
Bhí Lá Glas agus Seó Tallainne againn ar an Aoine chun ár dteanga dhúchais a cheiliúradh.
Comhghairdeas libh go léir! Rinne sibh iarracht mhór Gaeilge a labhairt agus a thaispeáint cé chomh bródúil is atáimid as ár dteanga. 💚
