☘️Seachtain na Gaeilge i seomra 10☘️
Bhí Seachtain na Gaeilge den scoth againn i Seomra 10! ☘️ Bhíomar an-ghnóthach ag damhsa, ag canadh, ag éisteacht le ceol Gaelach agus ag imirt cluichí Gaeilge.
I rith na seachtaine rinneamar céilí agus d’fhoghlaimíomar trí dhamhsa: Lá le Pádraig, Shoe the Donkey agus An Dreoilín.
Rinneamar an Haka as Gaeilge sa chlós agus bhain na páistí an-taitneamh as. D’éisteamar le ceol Gaelach ar an bhfidil freisin – go raibh maith agat, Ms Bergin! 🎻
Sa rang d’imríomar cluichí Gaeilge mar Deir Ó Grádaigh agus Biongo. Rinneamar cártaí do Lá Fhéile Pádraig agus ealaín álainn freisin. 🎨
Ar an Aoine chaith muid ár n-éadaí glasa agus bhí seó tallainne againn sa seomra ranga – bhí sé ar fheabhas! ⭐
Bhí seachtain an-spéisiúil agus spraíúil againn gan dabht. Bhí an-spraoi againn ag úsáid na Gaeilge i rith na seachtaine! 🇮🇪
